Treoir agus faisnéis sábháilteachta maidir le ceallraí gluaisteáin
1. Réamhchúraimí Sábháilteachta agus Bearta Láimhsithe Bhunúsaigh
(1) Timpeallacht Úsáide
Úsáid ceallra a bhfuil a mhéid agus rangú feidhmíochta oiriúnach don fheithicil. Má úsáidtear ceallra mí-oiriúnach d’fhéadfaí damáiste inmheánach a dhéanamh nó d’fhéadfadh briseadh (pléascadh) tarlú mar gheall ar shreabhadh srutha mhóir.
Is féidir an ceallra a úsáid go leanúnach ag teocht chomhthimpeallach de idir -15℃ agus 60℃ nó i gcomhair tréimhsí gearra (idir dhá agus trí uair an chloig) ag teocht chomhthimpeallach de idir -30℃ agus 75℃. Má úsáidtear nó má stóráiltear an ceallra lasmuigh den raon teochta seo d’fhéadfadh an leictrilít róthéamh nó reo agus d’fhéadfadh damáiste nó dífhoirmiú tarlú.
(2) Réamhchúraimí maidir le Ceallra a Úsáid
Ná húsáid nó ná luchtaigh an ceallra nuair atá leictrilít an cheallra ag leibhéal íseal. Chomh maith leis sin, ná húsáid nó ná luchtaigh an ceallra má bhíonn boladh neamhghnách ag teacht uaidh i rith úsáide nó má laghdaíonn an leictrilít ag ráta neamhghnách (más gá uisce a chur ann thart ar uair sa mhí). D’fhéadfadh a leithéid a bheith ina chúis le briseadh (pléascadh). D’fhéadfaí gás guaiseach a astú freisin.
Má sceitheann leictrilít de bhrí gur claonadh nó go ndearnadh damáiste don cheallra trí thimpiste, neodraigh an ceallra le hábhar cosúil le décharbónáit sóidiam (go dtí nach mbíonn aon bholgán le feiceáil) agus ansin nigh le neart uisce. Mura ndéantar é sin d’fhéadfadh creimeadh nó truailliú tarlú.
Tá an ceallra trom. Nuair a bhíonn an ceallra á iompar, coinnigh greim ar an mbun nó ar lár an hanla má tá hanla air agus cinntigh nach bhfuil an ceallra claonta. Ná tiontaigh an ceallra trí ghreim a choinneáil ar a hanla. Má dhéantar a leithéid, d’fhéadfadh an hanla briseadh agus d’fhéadfadh an ceallra titim, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le gortú.
Ná húsáid an ceallra má tá aon fhadhb le tabhairt faoi deara, cosúil le scoilteanna, bristeacha, scealpóga, sceitheadh nó dífhoirmiú neamhghnách.
Déan cinnte go leanann tú na treoracha sa lámhleabhar seo nuair a bhíonn ceallra úsáidte á láimhseáil agat, de bhrí go mbeidh fuinneamh leictreach fós ann.
Ná díchóimeáil, mionathraigh ná scrios an ceallra. Má dhéantar a leithéid d’fhéadfadh an ceallra sceitheadh nó pléascadh.
Nuair a bhíonn uisce á chur leis an gceallra, ná húsáid ach uisce íonaithe. Má úsáidtear uisce neamhíonaithe d’fhéadfadh róthéamh nó astú gáis ghuaisigh tarlú mar gheall ar eisíontais san uisce agus d’fhéadfaí saolré an cheallra a ghiorrú. Má tá táscaire ar an gceallra (sásra ar a dtaispeántar an staid luchtaithe agus an leibhéal leictrilíte), ná cuir uisce leis má tá an táscaire bainte.
Díluchtaíonn an ceallra de réir a chéile mar gheall ar fhéin-díluchtú. Mura mbeidh an fheithicil in úsáid i gcomhair tréimhse fhada, lean an nós imeachta atá sonraithe ag “3.(2) An Ceallra a Bhaint ” chun an ceallra a thógáil amach as an bhfeithicil, ansin stóráil an ceallra faoi dhíon in áit dhea-aeráilte nach bhfuil sé neamhchosanta ar lasracha gan chosaint. Nuair a bhíonn an ceallra á stóráil san fheithicil, moltar teirminéal cábla na feithicle a dhínascadh ó theirminéal diúltach an cheallra.
Nuair a bhíonn an ceallra á athsholáthar nó á iniúchadh, cas as an t-inneall, bain amach eochair an innill agus cas as lasca soilse agus trealamh eile.
D’fhéadfadh dríodar bán nó scamallú bán na leictrilíte a bheith le feiceáil ar an gceallra, ach ní fadhb cháilíochta a leithéid.
2. An Ceallra a Stóráil roimh Shuiteáil san Fheithicil
Láimhseáil an ceallra mar seo a leanas nuair a bhíonn sé á stóráil agat.
i. Stóráil an ceallra in áit dhea-aeráilte nach bhfuil neamhchosanta ar lasracha gan chosaint.
ii. Stóráil an ceallra in áit nach bhfuil neamhchosanta ar bháisteach, drúcht ná solas díreach na gréine, nó in áit ina bhfuil baol bá nó tuilte.
iii. Stóráil an ceallra in áit nach bhfuil faoi réir teocht ard nó bogthaise.
iv. Stóráil an ceallra i staid a chiallaíonn nach bhfuil sé ar a thaobh nó claonta.
v. Stóráil an ceallra in áit nach dtitfidh sé go héasca nó in áit nach mbeidh rudaí eile ag titim.
vi. Stóráil an ceallra in áit nach bhfuil faoi réir astú nó insíothlú gáis ghuaisigh, braoiníní nó deannaigh.
vii. Stóráil an ceallra in áit nach ndéanfaidh sé teagmháil le hábhair cosúil le PVC bog, plaisteachán san áireamh.
Díluchtaíonn an ceallra de réir a chéile mar gheall ar fhéin-díluchtú. Nuair a bhíonn an ceallra á stóráil i gcomhair tréimhse fhada, luchtaigh de réir na dtreoracha ag 5.(1) roimh úsáid.
3. An Ceallra a Athsholáthar
(1) Réamhchúraimí maidir le Ceallra a Athsholáthar
Nuair a bhíonn an ceallra á athsholáthar, déan cinnte go leanann tú an lámhleabhar treorach agus lámhleabhar seirbhíse na feithicle.
Maidir le feithiclí le feadán sceite atá nasctha leis na gceallra sceite, teastaíonn ceallra tiomnaithe ina bhfuil struchtúr do sceitheadh comhchoiteann. Ní mór ceallra tiomnaithe a shuiteáil i bhfeithiclí den sórt sin nó d’fhéadfaí an taobh istigh den fheithicil a líonadh le gás hidrigine agus d’fhéadfadh pléascadh tarlú mar gheall ar adhaint sheachtrach. D’fhéadfaí an taobh istigh den fheithicil a líonadh le gás guaiseach.
*Caipín poll gaothaire a shuiteáil
Má tá caipín poll gaothaire sa cheallra, suiteáil an caipín poll gaothaire i gceart sa pholl gaothaire agus bíodh an feadán sceite agus an poll gaothaire ar an taobh eile. Mura bhfuil caipín poll gaothaire sa cheallra, bain an caipín poll gaothaire atá ceangailte den cheallra atá in úsáid faoi láthair agus suiteáil ar an gceallra athsholáthair, nó fiafraigh d’fhoireann an tsiopa inar cheannaigh tú an ceallra cabhrú leat. Mura bhfuil feadán sceite ceangailte ón bhfeithicil leis an gceallra, ní gá caipín poll gaothaire a shuiteáil.
Roghnaigh ceallra le teirminéal dearfach agus teirminéal diúltach sa suíomh céanna. Má shuiteálann tú ceallra nuair atá na teirminéil i suíomhanna difriúla, beidh ualach neamhghnách ar an gcábla ar thaobh na feithicle, agus déanfar damáiste don chábla.
Má shuiteáiltear dhá cheallra, athsholáthair iad le dhá cheallra nua den chineál céanna. Má shuiteálann tú cineálacha difriúla ceallraí nó ceallraí a úsáideadh i gcomhair tréimhsí difriúla ama san fheithicil chéanna, beidh an fheidhmíocht éagothrom agus beidh saolré an cheallra níos giorra.
Nuair a bhíonn teirminéal an chábla á shuiteáil ar taobh na feithicle den cheallra, ná haisiompaigh an teirminéal dearfach agus an teirminéal diúltach. Chomh maith leis sin, ná húsáid cábla ceangail atá caite nó meathlaithe.
Ná clúdaigh poill ghaothaire phlocóid ghaothaire an cheallra.
Ná ceangail gléasanna leictreacha go díreach leis an gceallra.
Daingnigh an ceallra le gléasphláta.
Maidir le feithiclí ina bhfuil gléasanna leictreonacha le feidhm chuimhne, d’fhéadfaí an chuimhne a léirscriosadh má bhaintear an ceallra, dá bhrí sin, déan cinnte go léann tú lámhleabhar treorach na feithicle.
(2) An Ceallra a Bhaint
Dícheangail teirminéal an chábla dhiúltaigh ar dtús. Ansin dícheangail teirminéal an chábla dhearfaigh.
Scaoil gléasphláta an cheallra, ansin bain an ceallra.
Má tá teirminéil an chábla creimthe, glan iad le scuab shreinge nó greanpháipéar.
(3) An Ceallra a Shuiteáil
Suiteáil an ceallra nua sa suíomh céanna leis an seancheallra agus daingnigh an gléasphláta ionas nach mbeidh an ceallra ag bogadh anonn is anall. Má tá hanla ar an gceallra, lean na treoracha thíos.
Más ceallra de chineál JIS, méid B nó méid D, atá ann, bain an hanla. D’fhéadfadh an hanla cur isteach ar an ngléasphláta. D’fhéadfaí é a scaradh freisin nuair a bhíonn an fheithicil ag gluaiseacht.
Más ceallra de chineál EN nó ceallra de chineál JIS, méid E, méid F, méid G nó méid H, atá ann, tá an hanla deartha chun a chinntiú nach gcuirfidh sé isteach ar an ngléasphláta nó ionas nach féidir é a bhaint, rud a chiallaíonn gur cheart duit an ceallra a shuiteáil leis an hanla air.
Ceangail teirminéal an chábla dhearfaigh ar dtús. Ansin ceangail teirminéal an chábla dhiúltaigh. Teann teirminéil an chábla ionas nach mbeidh siad scaoilte.
Bealach éifeachtach chun creimeadh a chosc é bealadh a chur ar an gcuid mhiotail de theirminéil an chábla.
Má suiteáladh clúdach teirminéil nó teas-sciath, cuir ar ais san áit cheart nuair a bheidh an ceallra athsholátharta agat.
4. Iniúchadh agus Cothabháil an Cheallra
(1) Réamhchúraimí maidir le hIniúchadh agus Cothabháil an Cheallra
Déan iniúchadh ar leibhéal leictrilíte an cheallra go rialta. Déan iniúchadh air uair sa mhí ar a laghad.
Glan an ceallra le héadach ar a bhfuil beagán uisce. Má ghlanann tú an ceallra le héadach tirim d’fhéadfaí leictreachas statach a chruthú.
Ná glan an ceallra le tuaslagóirí orgánacha cosúil le beinséin, tanaitheoir nó gásailín, glantach nó ceirt cheimiceach. D’fhéadfadh ceimiceáin cosúil le tuaslagóirí orgánacha damáiste a dhéanamh don cheallra agus a bheith mar bhonn le sceitheadh.
(2) Nós Imeachta Iniúchta agus Cothabhála an Cheallra
i. Seiceáil an chuid sheachtrach, an gléasphláta, teirminéil an chábla agus an cábla ceangail
Seiceáil an chuid sheachtrach, seiceáil an gléasphláta agus teirminéil an chábla agus bí ag faire amach do scaoilteacht agus seiceáil an bhfuil aon fhadhb ag baint leis an gcábla ceangail.
ii. An leibhéal leictrilíte a iniúchadh agus uisce a chur leis
[Cineál A] Iniúchadh a dhéanamh ar an leibhéal leictrilíte ó thaobh an cheallra (sa chás go bhfuil plocóid ghaothaire ann)
Glan an limistéar mórthimpeall ar líne an leibhéil leictrilíte le héadach a bhfuil uisce curtha air agus deimhnigh go bhfuil an leibhéal leictrilíte idir líne an leibhéil uachtair agus líne an leibhéil íochtair. Má tá an leictrilít níos gaire do líne an leibhéil íochtair ná líne an leibhéil uachtair, cuir uisce íonaithe leis go dtí go sroichtear líne an leibhéil uachtair. Ná cuir an iomarca uisce íonaithe leis. Má sháraíonn tú líne an leibhéil uachtair, d’fhéadfadh an leictrilít sceitheadh agus damáiste a dhéanamh don fheithicil. D’fhéadfadh táscaire (meicníocht chun an staid luchtaithe agus an leibhéal leictrilíte a thaispeáint) a bheith ar cheallra de chineál A, ach léirítear ar an táscaire staid an cheallra bunaithe ar chill ionadaíoch, rud a chiallaíonn gur cheart duit glacadh leis seo mar threoir.
[Cineál B] Nuair nach féidir iniúchadh a dhéanamh ar an leibhéal leictrilíte ó thaobh an cheallra (sa chás nach bhfuil plocóid ghaothaire ann)
Ní féidir iniúchadh a dhéanamh ar leibhéal leictrilíte ceallra de chineál B ón taobh, rud a chiallaíonn gur cheart duit an táscaire a úsáid chun iniúchadh a dhéanamh. Má shonraítear ar tháscaire ceallra de chineál B nach mór an ceallra a athsholáthar, athsholáthair an ceallra láithreach, de bhrí nach féidir uisce a chur leis. Mura féidir an ceallra a sheiceáil, athsholáthair an ceallra nó déan teagmháil leis an siopa inar ceannaíodh an ceallra.

iii. An Ceallra a Ghlanadh
Glan an ceallra le héadach ar a bhfuil beagán uisce. Déan iniúchadh ar phoill ghaothaire phlocóid an ghaothaire agus má tá siad calctha le láib nó le hábhar eile nigh plocóid an ghaothaire le huisce chun an t-ábhar calctha a bhaint. Má úsáidtear an ceallra fad is atá na poill ghaothaire calctha d’fhéadfaí brú inmheánach a thabhairt faoi deara mar gheall ar an ngás astaithe ón gceallra agus d’fhéadfadh an ceallra pléascadh.
5. Ag Déileáil le Scaoileadh Ceallra
Má dhéanann tú dearmad soilse na feithicle a chasadh as nó má tá an fheithicil fágtha gan úsáid i gcomhair tréimhse fhada ama, d’fhéadfadh scaoileadh ceallra tarlú agus d’fhéadfadh sé cosc a chur ar an inneall a thosú. Sa chás seo, luchtaigh an ceallra trí luchtaire a úsáid. I gcás éigeandála, is féidir feithicil a phreabthosú trí úsáid a bhaint as feithicil tarrthála.
D’ainneoin an méid atá thuasluaite, déan iarracht é a luchtú nuair a bhíonn voltas teirminéil an cheallra 12.5 V nó níos ísle nó nuair a bhíonn an sainmheáchan leictrilíte oiriúnaithe 1.240 (ag 20 ℃) nó níos ísle.
(1) An Ceallra a Luchtú le Luchtaire
i. Foláirimh
Nuair a bhíonn an ceallra á luchtú le luchtaire, déan cinnte go leanann tú lámhleabhar treorach an luchtaire.
Seachain an ceallra a luchtú nuair atá sé suiteáilte san fheithicil, de bhrí go bhféadfadh a leithéid a bheith mar bhonn le hadhaint agus pléascadh nó damáiste don fheithicil.
Ná bain fáiscíní luchtaithe riamh nuair a bhíonn luchtú ar siúl.
Sula luchtaítear an ceallra, déan cinnte go ndéanann tú iniúchadh ar an leibhéal leictrilíte atá sonraithe ag 4.(2).ii. Má tá an leibhéal leictrilíte mí-oiriúnach, cuir uisce leis agus luchtaigh an ceallra más ceallra de chineál A é an ceallra, nó athsholáthair an ceallra gan é a luchtú más ceallra de chineál B atá ann, de bhrí nach féidir uisce a chur leis. Chomh maith leis sin, seiceáil an leibhéal leictrilíte agus cuir na bearta riachtanacha i gcrích i ndiaidh é a luchtú.
Cinntigh go bhfuil an teocht leictrilíte cothrom le 45℃ nó níos ísle nuair a bhíonn an ceallra á luchtú.
Nuair a bhíonn an ceallra á luchtú, bain an phlocóid ghaothaire más féidir í a bhaint ionas gur féidir le gás éalú ón gceallra ar bhealach níos éasca. Cinntigh freisin go bhfuil dóthain aerála ann.
ii. Modh Luchtaithe
Luchtaigh an ceallra tríd an nós imeachta cuí atá sonraithe sa lámhleabhar treorach atá le fáil leis an luchtaire a leanúint.
Ceangail an fáiscín luchtaithe dearfach le teirminéal dearfach an cheallra, ansin ceangail an fáiscín luchtaithe diúltach le teirminéal diúltach an cheallra. Má aisiompaítear an t-ord nó má cheanglaítear na teirminéil droim ar ais d’fhéadfadh adhaint agus pléascadh nó damáiste don fheithicil tarlú.
Cinntigh go bhfuil an sruth luchtaithe níos ísle ná 1/10 de thoilleadh an cheallra. Ná luchtaigh trí shruth a úsáid a sháraíonn an luach sin.
Cuirtear an luchtú i gcrích i dtréimhse a mhaireann idir 5 agus 10 uair an chloig, nuair a astaítear cainníocht mhór de ghás ó chealla an cheallra.
Má tá voltmhéadar agus hidriméadar dlúis agat, deimhnigh go bhfuil voltas an teirminéil cothrom le 15.0 V nó níos airde fad is atá an ceallra á luchtú agus go bhfuil an sainmheáchan shonrach leictrilíte cothrom le 1.270 (ag 20℃) nó níos airde.
Teann an phlocóid ghaothaire go daingean i ndiaidh an luchtaithe.
(2) Preabthosú le Feithicil Tarrthála
Ní mór an nós imeachta ceart a leanúint chun preabthosú a dhéanamh le treischábla ceangailte le feithicil tarrthála. Déan cinnte go léann tú lámhleabhar treorach na feithicle. D’fhéadfadh nósanna imeachta láimhsithe míchuí a bheith mar bhonn le hadhaint agus pléascadh.
Déan cinnte go n-úsáideann tú ceallra feithicil tarrthála leis an voltas céanna (12 V nó 24 V) agus leis an rangú feidhmíochta céanna leis an bhfeithicil.
I ndiaidh an innill a thosú, lorg iniúchadh ag stáisiún peitril gan mhoill, ag an siopa inar ceannaíodh an ceallra nó ag comhlacht díoltóireachta gluaisteáin.
AKS Building 3 Kanda Neribeicho, Chiyoda-ku, Tóiceo 101-0022, An tSeapáin
https://www.energy-with.com/en/